Jump to content

Eitic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is brí leis an téarma eitic[1] ná staidéar is measúnú ar iompar daonna ó dhearcadh na moráltachta. Bíonn coincheapa cosúil le coinsias, dualgas, freagracht, caighdeán, rialacha, cuspóirí pearsanta is sóisialta, gairmiúlacht agus a lán eile i gceist. Is iomaí teoiric, cur chuige is uirlis a tairgeadh thar na blianta chun fadhbanna eitice a réiteach: an t-imfhios, an cleachtadh turgnamhach, an t-idéal meitifisiciúil, an stát polaitiúil (nó an cumann gairmiúil), an dlí, an indibhid féin. Cosúil leis an mbeatha i gcoitinne, tagann fadhbanna eitice chun cinn arís is arís eile san eolaíocht is an teicneolaíocht: an eotanóis, an eoiginic, an bochtanas, an gorta, airm núicléacha, airm fhorbartha i gcoitinne, úsáideanna an Idirlín, truailliú an aeir, an uisce is na talún, ídiú foinsí nádúrtha, idirghníomhuithe daonna le hainmhithe, agus a lán lán eile.[2]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): eitic” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-03.
  2. Hussey, Matt (2011). "Eitic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 246.
pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy