Aipindicíteas
Cineál | cecal disease (en) , intraabdominal infection (en) , appendix disease (en) agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | máinliacht ghinearálta |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | urlacan, anoireicse, pian sa bholg agus masmas |
Scrúduithe | tástáil fola, scanadh ultrafhuaime agus tomagrafaíocht ríomhairithe X-ghathach |
Cóireáil | aipindeachtóime agus antaibheathach |
Cógais | |
Pataigineas | |
Suíomh | aipindic |
Aicmiú | |
ICD-10 | K37 |
ICD-9 | 540-543.99 agus 541 |
CIAP | D88 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0079478 |
DiseasesDB | 885 |
MedlinePlus | 000256 |
eMedicine | 195778, 773895, 926795 agus 933825 |
Patient UK | appendicitis-pro |
MeSH | D001064 |
UMLS CUI | C0085693, C0003615 agus C0854119 |
DOID | DOID:8337 |
Is riocht é an taipindicíteas[1] arb é is príomhthréith ann ná athlasadh na haipindice. Cóireáiltear mar éigeandáil mhíochaine é agus ceann de na héigeandálaí is coitianta a tharlaíonn. Muna ndéantar obráid chun an aipindic a bhaint, féadfaidh sí polladh, rud a chuirfidh tús le peireatóiníteas ginearálta ... agus bás.[2]
Siomptóim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad na siomptóim ná pian sa bholg, go ginearálta ar dtús agus de réir a chéile ag díriú ar an taobh deas den bholg íochtarach, ag éirí níos déine. Bíonn masmas is fiabhras ag duine freisin.
Cúiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir fianaise thurgnamhach, is de thoradh ar bhac príomhúil i lúman na haipindice a fhaightear géar-aipindicíteas. Dá thoradh sin, ionsaíonn ionfhabhtú an t-orgán agus éiríonn sé ata.
Méadaíonn an brú istigh sa lúman agus i mballaí na haipindice, agus bíonn trombóis agus oclúid na bhfuileadán beag agus marbhántacht an tsrutha limfeach de thoradh air.
Cóireáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn sé riachtanach, sna cásanna go léir, an aipindic athlasta a bhaint amach, trí laparatóime nó laparascópacht nó ceachtar acu a dhéanamh. Neamhchóireáilte, bíonn an bhásmhaireacht ard, ach go háirithe de thoradh ar pheireatóiníteas nó chroitheadh.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'é Reginald Fitz an chéad duine a rinne cuir síos ar an ghéaraipindicíteas agus ar an t-aipindicíteas ainsealach sa bhliain 1886.
Inniu, tá an t-aipindicíteas aitheanta mar cheann de cúiseanna is coitianta le haghaidh géarphéine troime an bhoilg, ar fud an domhain.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |