Jump to content

Turraing leictreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Má tharlaíonn de thaisme go ritheann sruth aibhléise tríd an gcolainn, tabharfar turraing leictreach[1] don duine. Is de dheasca róspreagadh a dhéanamh ar na néaróga é sin - san áit a dtéann an sruth isteach, sa lámh mar shampla. Ach más tríd an gcroí a ritheann an sruth, tharlóidh go gcuirfeadh sé isteach ar ghnáthoibriú na gcillscannán ann. Ní bheadh aon dípholarú rialta croí an uair sin ann, ní theannfaí an fhuil, agus is bás tobann gheobhadh an duine. Tá an aibhléis contúirteach mar sin, agus ní mór a bheith cúramach faoi. Is contúirtí i bhfad gnáthchórais an tsrutha ailtéarnaigh (s.a) ná gnáthchórais an tsrutha dhírigh (s.d.). Ar mhaithe le sábháilteacht, ná teagmhaíodh cuid ar bith den cholainn le sreang bheo nó le miotal ar bith a bhíonn ag iompar sruth aibhléise. Féachtar chuige go n-inslítear a leithéidí go maith chun nach dteagmhófaí leo de thaisme fiú. Más gá obair a dhéanamh ar ghaireas aibhléiseach, scoirtear an ciorcad roimh ré.

  1. “turraing leictreach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-07-03.
pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy