Oxford English Dictionary
(en) Oxford English Dictionary (en) A New English Dictionary on Historical Principles ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Cineál | foclóir ar líne, foclóir Béarla agus foclóir stairiúil ![]() |
Cárta innéacs | |
Údar | John Simpson Edmund Weiner James Murray ![]() |
Teanga | Béarla ![]() |
Foilseachán | Oxford ![]() |
Foilsitheoir | Oxford University Press |
Tréith | |
Seánra | foclóir Béarla ![]() |
Eile | |
Uimhir OCLC | 17648714 ![]() |
Suíomh gréasáin | oed.com ![]() |
![]() ![]() |


Is é an foclóir is mó i mBéarla an Oxford English Dictionary, a foilsíodh sa bhliain 1884 don chéad uair.[1][2] Tháinig an dara heagrán amach sa bhliain 1989 (21,728 leathanach agus 20 imleabhar), agus foilsithe ag an Oxford University Press.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh an taighde sa bhliain 1857. Tháinig a chéad imleabhar amach mar an New English Dictionary sa bhliain 1897, a d'éirigh an Oxford English Dictionary, níos déanaí.
Foilsíodh ar an 29 Eanáir 1884 an chéad fhascúl (nó mír) den Oxford English Dictionary (A go Ant). Thóg sé níos mó ná ceithre bliana is daichead ar an gcéad eagrán den fhoclóir a chur i gcrích, nuair a foilsíodh an fascúl a chlúdaigh Wise go dtí an deireadh.
An OED in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is minic a dhéantar tagairtí don Oxford English Dictionary (thar aon fhoclóir eile) sna cúirteanna in Éirinn (cé go mbíodh drogall ar na cúirteanna go hiondúil an-bhéim a chur ar shainmhíniú foclóra agus ciall á baint acu as reachtaíocht). Ó 1922 luadh níos mó ná céad uair an OED i gcúirteanna na hÉireann, gan trácht ar chúirteanna ar bith eile, agus níos mó agus níos mó atá tagairt á déanamh dó.[3]
Bhí focal Gaeilge agus roinnt focail ó Béarla na hÉireann i measc na bhfocal nua in uasdátú an fhoclóra cháiliúil an Oxford English Dictionary sa bhliain 2025. Bhí an focal “ludraman” - litriú Béarla den fhocal liúdramán, le fáil san uasdátú, an míniú atá tugtha air ná “a lazy, unproductive, or stupid person (esp. a man)". Tá samplaí úsáide den fhocal luaite ón úrscéal Ulysses agus roinnt sean-nuachtáin. Tá an focal ar fáil i bhfoclóir Gaeilge le fada anois ach i bhfoclóir agus úsáid nua-aimseartha tá an míniú "amadán" i bhfad níos coitianta ná "leisceoir". I measc na bhfocal a n-airítear ó Béarla na hÉireann bhí “blaa”, “class”, “debs”, “mineral”, “morto”, “spice bag” agus “acting the maggot”.[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Oxford University Press. "Home : Oxford English Dictionary" (en). www.oed.com. Dáta rochtana: 2021-01-29.
- ↑ "Inside the OED: can the world’s biggest dictionary survive the internet?" (en). the Guardian (2018-02-23). Dáta rochtana: 2021-01-29.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "OED" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-29.
- ↑ Conradh na Gaeilge Londain (29 Márta 2025). "Nuacht Mhall (Tiobraid Árann)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-03-29.