Chen-Ning Yang
Cuma
Fisiceoir Meiriceánach a saolaíodh in Hefei, Cúige Anhui, sa tSín is ea Chen-Ning Franklin Yang nó Yang Zhenming uaireanta (r. 1922). Roinn sé Duais Nobel na Fisice i 1957 le Tsung-Dao Lee as a dtaighde ar na dlíthe paireachta agus conas iad a thástáil, fiú a bhréagnú. Deir na dlíthe seo go bhfuil frithcháithnín den saghas céanna le gach buncháithnín áit éigin sa Chruinne ach le hairí bunúsach scáthánach, lucht dearfach in ionad luchta dhiúltaigh: mar shampla, is é an posatrón an frithleictreon. Bréagnaíodh an phaireacht scáthánach i gcás béite-mheata.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Chen Ning Yang". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 708.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |