Jump to content

An Phacastáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Phacastáin
پاکستان (ur)
پاکستان (pa)
پاڪستان (sd)
پاکستان (ps)
Pakistan (en)
پاکستان (mis)
پاکستان (brh)
Pákistán (brh)
پاکستان (mis)
پاکِستان (ks)
پاڪستان (skr) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnQaumi Taranah Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Iman, Ittihad, Nazm» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómóssincerity in Islam (en) Aistrigh, Puinseáb, Khyber Pakhtunkhwa (en) Aistrigh, Azad Kashmir (en) Aistrigh, An tSind agus An Bhalúcastáin Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 30° N, 71° E / 30°N,71°E / 30; 71

PríomhchathairIslamabad Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán223,773,700 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús253.74 hab./km²
DéamainmPacastánach Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilBéarla
an Urdúis (teanga náisiúnta) Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnIoslam, an Chríostaíocht, an Hiondúchas agus Ahmadach Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dean Áise Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla881,913 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeK2 (8,610) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is íslean Mhuir Arabach (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/sían Réimeas Briotanach, presidencies and provinces of British India (en) Aistrigh agus Dominion of Pakistan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú14 Lúnasa 1947
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht chónaidhme agus poblacht pharlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na Pacastáine Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint na Pacastáine Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na Pacastáine Cuir in eagar ar WikidataMamnoon Hussain (2013–2018) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na Pacastáine Cuir in eagar ar WikidataMian Muhammad Shehbaz Sharif (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Uachtarach na Pacastáine Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil348,262,544,719 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadrarúipí na Pacastáine Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.pk Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+92 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála1122, 15 agus 16 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tírePK Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinpakistan.gov.pk Cuir in eagar ar Wikidata

Is tír atá suite i ndeisceart na hÁise í an Phacastáin, (Urdúis: پاکستان) nó Poblacht Ioslamach na Pacastáine go hoifigiúil.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá imeallbhord aici de 1046-ciliméadar (650 míle) ar feadh chósta an Mhuir Arabach agus Mhurascaill Óman sa taobh ó dheas agus tá teorainneacha aici leis an Afganastáin agus an Iaráin san iarthar, an India san oirthear agus an tSín i bhfad san oirthuaisceart. Luíonn an Táidsíceastáin freisin an-ghar don Phacastáin, ach tá sí deighilte uaithi ag an Chonair Wakhan.

An séú tír is mó sa domhan de réir daonra atá ann, agus an dara tír Ioslamach is mó.

Príomhchathair na Pacastáine í Islamabad (Urdúis: اسلام آباد, "áitreabh Ioslam") atá suite in iarthuaisceart na tíre. Tógadh Islamabad sna 1960í chun a bheith ina príomhchathair nua.

Is í Karachi an chathair is mó sa Phacastáin. Tá sí suite ar Mhuir na hAraibe.

  • Is í an Bhalúcastáin an cúige is mó de réir limistéar geografach sa Phacastáin, a chomhdhéanann thart ar 48% d'achar iomlán na tíre, sé sin, 40% den tír. Thug an daonáireamh sa bhliain 1998 le fios go raibh daonra de thart ar 6.5 milliún aici. Tá an Bhalúcastáin níos boichte agus tá a dhaonra níos ísle ná an chuid eile den Phacastáin.
  • Puinseáb (nó an Phuinseáb roimhe seo) (Puinseáibis: پنجاب, ਪੰਜਾਬ, Urdais: پنجاب, Hiondúis: पंजाब, Peirsis: پنجاب, panj-ab, "cúig-uisce"), ina réigiún ar dhá thaobh na teorann idir Puinseáb na Pacastáine agus Puinseáb na hIndia.[1]
  • Treibh jat is ea an Dhothar. Tá siad ina gcónaí in Punjab, cúige de chuid na Pacastáine,
  • Is teanga í an Urdúis a labhraítear sa Phacastáin agus san India. Le fírinne, is ionann iad an Urdúis agus an Hiondúis, ach amháin go bhfuil an Hiondúis á labhairt ag na Hiondúigh, agus an Urdúis ag na Moslamaigh Indiacha agus Phacastánacha. Scríobhtar an Urdúis leis na litreacha Arabacha, agus an Hiondúis leis na litreacha Déiveanágracha. Thairis sin, is iomaí focal Araibise agus Peirsise a úsáidtear sa leagan scríofa den Urdúis.
  • Tá an Phuinseáibis (ਪੰਜਾਬੀ) ar an aonú teanga déag is mó a labhraítear ar fud an domhain, agus í á labhairt ag timpeall is céad milliún duine san India agus sa Phacastáin thar aon áit eile.
Jinnah (pobalóir Moslamach) agus Gandi (tugtha don aislingeacht), 1944

1940idí: Críochdheighilt, Trasimirce agus Cinedhíothú

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Nuachtáin, 1944: "formula (=> críochdheighilt ) approved by Gandhi"

Bunaíodh an stát nua-aimseartha sa bhliain 1947. Bhí ar an mBreatain neamhspleáchas a ghéilleadh don India agus tháinig deireadh leis an Réimeas Briotanach.

1947: an trasimirce is mó riamh

Cuireadh críochdheighilt i bhfeidhm ar an Phacastáin agus India sa bhliain 1947. Bunaíodh an Phacastáin agus an India, na tíortha chomharbais. Roinneadh Puinseáb, mar a bhí, eatarthu.

Sna 1940idí, bhí Muhammad Ali Jinnah ina cheannaire ar Chumann na Moslamach. Páirtí pobalach a bhí ann.  Ghríosaigh óráid Jinnah an teannas ciníoch, de réir a chéile. Is cosúil gur thacaigh tromlach millteanach na Moslamach an críochdheighilt i 1947, ach ní raibh sé mar sin tamall de bhlianta roimh 1947.

Bhí Moslamaigh ina gcónaí san India le fada an lá, ur le hur le Hiondúigh agus le Saícigh. Bhí an fanaiceacht chreidimh ann i gcónaí, ach bhí an teannas ag cur thar maoil i 1947.

Thug Gandhi le tuiscint go raibh sé glan i gcoinne an chríochdheighilt. Ach tá na staraí den tuairim inniu go raibh sé mí-ionraic. Bhí Gandhi réidh le teacht ar chomhréiteach. Ach ní raibh sé sásta sciar den fhreagracht a ghlacadh. Agus bhí Rialtas na Ríochta Aontaithe ag séanadh a bhfreagracht chomh maith.

Fógraíodh neamhspleáchas ar an 14 Lúnasa 1947. Bhain an stát nua Stádas Tiarnais (Dominion Status i mBéarla) amach. nuair a scaradh í ón India.

Tharla cinedhíothú le linn na tréimhse seo. Líon iomlán na marbh: 1-2 milliún b'fhéidir[2]. Tharla trasimirce ollmhór; tugadh bata is bóthar do 12 milliún, an trasimirce is mó riamh i stair an domhain.

1971ː Zulfikar Ali Bhutto

Fógraíodh Poblacht Ioslamach ar an 23 Márta 1956.

Bhí Zulfikar Ali Bhutto ina phríomhaire ar an bPacastáin sna 1970idí. Cuireadh é as oifig i mí Iúil 1977 i gcoup síochánta. Ghlac an Ginearál Zia an chumhacht chuige féin. Cuireadh Zulfikar chun báis dhá bhliain níos déanaí.

Benazir Bhutto

1980idí ar aghaidh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Benazir Bhutto ina príomhaire ar an bPacastáin idir na blianta 1988 agus 1990, agus arís ón mbliain 1993 go 1996. Feallmharaíodh í ar an 27 Nollaig, 2007 tar éis slógaidh pholaitiúil.[3]

Meastar go bhfuil an seachtú harm is mó sa domhan ag an bPacastáin, agus airm núicléacha chomh maith. Ar an 14 Lúnasa 1998, bhí olc ar an domhan nuair a tugadh le fios gur phléasc an Phacastáin buama núicléach faoin talamh.

Pervez Musharraf

Tháinig an Ginearál Pervez Musharraf isteach san oifig ar 20 Meitheamh 2001, tar éis coup d’état ar 12 Deireadh Fómhair 1999. D'éirigh sé as a phost ar an 18 Lúnasa 2008.[4]

  1. Singh, Pritam (2008). "Federalism, Nationalism and Development: India and the Punjab Economy": 3. Routledge. 
  2. http://factsanddetails.com/india/History/sub7_1e/entry-4132.html http://www.nytimes.com/books/first/b/butalia-silence.html
  3. http://news.bbc.co.uk/2/hi/south_asia/7161590.stm
  4. http://news.bbc.co.uk/2/hi/south_asia/7567451.stm


pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy