Éirí Amach na dTuathánach
Cineál | peasant revolt (en) éirí amach |
---|---|
Tréimhse | 30 Bealtaine - Samhain 1381 |
Dáta na bliana | Samhain 1381 |
Suíomh | Sasana, Ríocht Aontaithe |
Tír | Ríocht Shasana |
Tharla Éirí Amach na dTuathánach i Sasana sa bhliain 1381.[1] Bhí na tuathánaigh faoi bhrú ag ualach trom cánacha. Ar 30 Bealtaine 1381 in Essex, rinne John Bampton, feidhmeannach ríoga, iarracht cánacha a thabhairt isteach. Chuir an splanc an breosla ar thine. Phléasc gearáin na dtuathánach amach, ag iarraidh deireadh a chur leis an seirfeachas, i measc éilimh eile. Bhí an t-ádh dearg ar an rí, Risteard II (in aois 14 bliain dó) gur tháinig sé beo as.
Dlí an tslua
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maraíodh na mílte daoine ar an dá taobh is cosúil; feidhmeannaigh ríoga, bailitheoirí cánach, dlíodóirí, breithimh, srl ar taobh amháin; agus ar an taobh eile,na tuathánaigh agus na ceannairí, tar éis do na fórsaí ríoga ceannairí na hagóidí a locadh níos déanaí.
Scríobh Shakespeare faoi na himeachtaí, "An chéad rud atá le déanamh, maraímis gach dlíodóir."[2]
Ar 14 Meitheamh 1381, bhain dronga as Kent, Essex agus na contaetha eile Londain amach. Líon méid an tslua na saighdiúirí a bhí ann le heagla. Ní raibh ach cúpla céad saighdiúir ann (bhí an chuid is mó i dtuaisceart Shasana, ar an teorainn, nó in Éirinn) agus níor éirigh leo smacht a fháil ar na dronga a bhí i mbun na círéibe.
Mar sin, rinne dronga a bhí ar an daoraí cathair Londan a ionsaí. Ar an 14 Meitheamh, maraíodh Ard-Seansailéir Shasana, Simon of Sudbury.[3] Baineadh an cloigeann de.
D'eisigh na tuathánaigh liosta de na nithe a bhí uathu. Thug an rí, Risteard II agus in aois 14 bliain dó, isteach dá gcuid éileamh. Ach rinne sé athchomhairle an lá dár gcionn, 15 Meitheamh. Baineadh an ceann den Ridire John Cavendish, Príomh-Bhreitheamh Bhinse an Rí i Sasana (agus Seansailéir Ollscoil Cambridge) ar an la céanna. Duine de na ceannairí ab ea Wat Tyler agus maraíodh é ar an 15 Meitheamh chomh maith.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Let’s Kill All the Lawyers! Shakespeare (Might Have) Meant It" (en-US). The Florida Bar. Dáta rochtana: 2020-06-15.
- ↑ Cé gur le ceannairc Jack Cade i 1450 a bhaineann an abairt a leagann Shakespeare (Anraí VI, páirt 2 | Gníomh 4, Radharc 2) ar an mBúistéir Risteárd, i ndáiríre bhí sé ag scríobh faoi Éirí Amach na dTuathánach beagnach seachtó bliain roimhe sin.
- ↑ UCD School of Law. "Éirí Amach na dTuathánach" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-15.
Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |