Jump to content

Eblani

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dream i nÉirinn ársa ba ea na hEblani ( Ἐβλάνοι) nó Eblanii ( Ἐβλάνιοι) (leaganacha lámhscríbhinn: Ebdani ( Ἐβδανοί), Blani (Βλάνοι), Blanii (Βλάνιοι)), taifeadta ach amháin ag Tolamaes ina shaothar Geografaíocht den dara haois AD. Lonnaithe a bhí siad i gceantar ar chósta thoir na tíre, taobh ó thuaidh de Bhaile Átha Cliath. Déan Tolamaes tagairt ar cathair darb ainm Eblana ( Ἔβλανα), suite dar leis idir inbhir Buvinda (Βουουίνδα) agus Oboca (᾿Οβόκα), rud a chuireas le fios suíomh cód farraige idir an Bóinn agus is dócha an Life faoi seach.[1][2]

Mhol O'Rahilly go héiginnte go mb'fhéidir é go raibh ainm na treibhe, athchruthaithe go tuairimeach aige mar *Ebodanī, caomhnaithe sa logainm Edmann, ceantar is dócha ar chósta thoir Chontae Lú, agus luaite scaití i luath-théacsanna.[3] Spreagadh a chuid taighde ag an bhfoirm Ebdanoi [ Ἐβδανοί] faighte in aon lámhscríbhinn ansin de shaothar Tholamaes. Is léir é áfach gur toradh bhotún athscríbhinne é an leagan seo, mar atá, Eblanoi ( Ἐβλάνοι) as mórscript script, agus Λ míléite mar Δ, agus ní a mhalairt mar a mhol O'Rahilly. Léitear lonnaíocht na nEblani mar 'Eblana' i ngach lámhscríbhinn atá ar marthain, rud a chuireas go soiléir in iúl gur ceart é Eblanoi [Ἐβλάνοι] i mbunleagan Tholamaes, agus gur Ebdanoi [Ἐβδανοί] é an botún. Ní féidir an míléamh seo a lua chun an hipitéis a thacú.[4]

Molann le gairid staraí áitiúil Brendan Mathews nasc leis na hEblani agus an tuama ag inbhear na hAilbhine, ar dtús le hocht n-uaigh ar a laghad. Suntasach a bheadh an ghné thírdhreacha seo le linn ré Tholamaes. Ní móide é gur tharla iompú teanga ó Eblana go hAlbhain trí mheititéis, ach ní féidir é a chur as an áireamh.[5]

  1. Ptol. Geog. 2.2.7-8 (eag. K. Müller [Paris 1883-1901])
  2. P. Freeman, Ireland and the Classical World (Austin, Texas, 2001), ll. 69, 77-9
  3. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946, ll. 7-8
  4. K. Müller (eag.), Claudii Ptolemaei Geographia (Paris 1883-1901) I, lch. 79 (apparatus criticus)
  5. Εβλανα Πολις le Brendan Ward
pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy