Content-Length: 96000 | pFad | https://ga.wikipedia.org/wiki/Cruach_dhomheirgthe

Cruach dhomheirgthe - Vicipéid Jump to content

Cruach dhomheirgthe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cruach dhomheirgthe

Nuair a cuireadh níos lú ná 1% de charbón le hiarann sa 19ú céad, fuarthas amach gur cóimhiotal an-láidir a bhí mar thoradh air. Cruach ab ea é sin, ábhar a bhí go mór san áireamh i Réabhlóid Thionsclaíoch an 19ú céad. Is é míbhuntáiste iarainn is cruach go meirgeann siad de réir a chéile nuair a nochtar d'uisce iad. Ní mór iad a chosaint air sin le clúdach iomlán péinte. Ach má bhíonn ar a laghad 10% de chróimiam sa chóimhiotal cruach, bíonn a leithéid domheirgthe. An cróimiam ar dhromchla na cruach domheirgthe, imoibrithe le hocsaigin ón aer, cruthaíonn sé brat fíorthanaí atá fíorsheasmhach d'ocsaíd chróimiam, CrO2. Is é an brat seo a dhéanann domheirgthe í. Fiú nuair a ghearrtar an t-ábhar, cruthaítear an brat cumhdaithe ar an dromchla nua-nochtaithe nuair a thagann sé i dteagmháil leis an aer. Ábhar láidir buan aeistéitiúil.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cruach dhomheirgthe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 187.








ApplySandwichStrip

pFad - (p)hone/(F)rame/(a)nonymizer/(d)eclutterfier!      Saves Data!


--- a PPN by Garber Painting Akron. With Image Size Reduction included!

Fetched URL: https://ga.wikipedia.org/wiki/Cruach_dhomheirgthe

Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy